Comórtas Aimsire Cúla4 | TG4 | Súil Eile Skip to main content
 

Tá Cúla4 ag eagrú comórtais a thabharfaidh an deis do chúigear dalta bunscoile (6-12 bliain) a bheith mar chomh-láithreoirí ar an Aimsir Láithreach, seirbhís aimsire an chainéil, le linn Sheachtain na Gaeilge 13-17 Márta. Beidh na buaiteoirí le feiceáil ag craoladh i bpáirt le láithreoirí aitheanta an chainéil ar an gcraoladh aimsire ag 6.55pm gach tráthnóna.

Roghnófar na láithreoirí óga is fearr a bhfuil teacht i láthair agus Gaeilge líofa acu. Caithfidh na buaiteoirí a bheith ar fáil le teacht go Ceannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na dátaí seo: 13 Márta agus 14 Márta.

Iarrtar ar dhaltaí ar suim leo a bheith páirteach, físeán gearr a sholáthar dúinn ina míníonn siad cén fáth gur mian leo An Aimsir Láithreach a chur i láthair, a chur chuig  cula4@tg4.ie roimh 3 Márta @ 5pm. Is gá uimhir teileafóin tuismitheora/caomhnóra fásta a chur leis an iarratas.


Buaiteoirí 2016

Achmhainní