Aipeanna Cúla4 | Nuacht | Cúla4 | TG4 | Súil Eile Skip to main content
 

Aipeanna Cúla4

APP Cúla4 ar fáil anois

Tá Rogha App spraíúil Gaeilge do pháistí ar fáil anois le íoslódáil. Is féidir iad a íoslódáil ón App store, ach cuardach a dhéanamh faoi ‘Cúla4’ nó ‘TG4’.

AIP SEINNTEOIR CÚLA4

Tá sé in oiriúint do ghairis iOS (iPhone, iPad agus iPod) agus deis don lucht féachana breathnú ar chláir Cúla4 aon uair den lá no den oíche, de réir mar a oireann dóibh (agus dá dtuismitheoirí). Tá suas le 200 uair an chloig de cláracha as Gaeilge ar fáil ar an Aip, ina measc, cartúin mar Dennis & Gnasher, Peg & Cat, agus Masha agus an Béar mar aon le hábhar nua choimisiúnaithe bunaidh Gaeilge mar Is Eolaí Mé agus Na Dúlradóirí agus míreanna nua-chruthaithe eile faoi na teidil Cluichí, Spórt agus Ceardaíocht.

Tá dhá rannóg ar an aip, ceann amháin ina bhfuil ábhar don lucht féachana faoi bhun 6 bliana d’aois agus an rannóg eile don lucht féachana atá níos sine na sin.

Faoi mar is gnách le hábhar teilifíse, de réir na socraithe maidir le cearta, bíonn iomlán an ábhair ar fáil don lucht féachana in Éirinn. Ach ainneoin roinnt srianta orthu, tá raon leathan den ábhar ar an aip seo ar fáil chomh maith don lucht féachana ar fud na cruinne.

Tá an aip nua seo ar fáil le íoslódáil saor in aisce ón App store. (cuardaigh “Cula4”. Dóibh siúd a bhaineann leas as gairis Android, is féidir theacht ar ábhar seo ar fad ar Shuíomh Gréasáin Cúla4: http://www.cula4.com/ga/shows)

APP SAOL FAOI SHRÁID

Is Aip í seo atá bunaithe ar an tsraith réamhscoile SAOL FAOI SHRÁID. San Aip nua spraíúil seo, is féidir leat tabhairt faoi dhathú & cluiche péinteála, cluichí tomhais, amhráin a chanadh & cluichí spraíúla a imirt.

Tá súil againn go mbainfidh tú sult astu!

Tá AIP ‘Saol Faoi Shráid’ saor in aisce agus ar fáil do Apple & Android. Chun í a íoslódáil, téigh chuig iTunes nó Playstore agus cuardaigh ‘Saol Faoi Shráid’.

https://play.google.com/store/apps/details?id=com.pokethebear.saolfaoishraidapp
https://itunes.apple.com/ie/app/saol-faoi-shraid-app/id1062844010?mt=8

Tá Saol Faoi Shráid le feiceáil ar Cúla4 na nÓg, TG4 agus ar tg4.tv.
www.saolfaoishraid.ie

APP SCÉAL AN LAE 1

Scéal ‘An Coileach Codlatach’ scríofa ag Nuala Nic Con Iomaire, maisithe go h-álainn ag Donough O’Malley agus foilsithe ag Futa Fata.

Tá an scéal á léamh ag Darach Mac Con Iomaire agus tá na pictiúir agus na focail le feiceáil ar an scáileán. Tá trí rogha agat leis an Aip, is féidir éisteacht leis an scéál, breathnú ar fhíseán don scéal á léamh nó is féidir leat féin an scéal a léamh gan an léitheoir le cloisteáil.

Saor in aisce le íoslódáil (don iPad amháin) – cuardaigh ‘TG4’ san App Store.

https://itunes.apple.com/gb/app/sceal-an-lae-1/id836657082?mt=8

APP SCÉAL AN LAE 2

Seo an dara Aip Scéal an Lae, sraith teilifíse ar Cúla4, ar TG4. San Aip seo, tá “Ceol na gCat”, leabhar a d’fhoilsigh Cló Mhaigh Eo, scríofa ag Colmán Ó Raghallaigh agus maisithe go hálainn ag Jane O’ Sullivan.

Saor in aisce le íoslódáil (don iPad amháin) – cuardaigh ‘TG4’ san App Store.

https://itunes.apple.com/gb/app/sceal-an-lae-2/id975502364?mt=8

APP ZOU

Seoladh App Nua ZOU ar lá le Pádraig 2014.

Is Aip í seo bunaithe ar an sraith teilifíse ZOU. San Aip, is féidir Scéal a léamh, éisteacht le amhrán, míreanna mearaí a imirt, tógáil nó dathú a dhéanamh. Is féidir spraoi leis an Aip seo i dteangacha éagsúla, Gaeilge san áireamh. Brú ar an mbrat Éireannach le sult a bhaint as na heachtraí ar fad a bhíonn ag an séabra óg!

Íoslódáil saor in aisce anseo:

https://itunes.apple.com/gb/app/zous-app/id662076791?mt=8

nó íoslódáil an leagan iomlán (le breis ábhar) ar chostas €3.59

https://itunes.apple.com/gb/app/zous-app/id662882528

APP CÚLACAINT 3

Seoladh App Nua Cúlacaint 3 ag Oireachtas na Samhna 2013.

Is í seo an tríú App sa t-sraith Cúlacaint atá seolta agus bronadh gradam ar App Cúlacaint 1 ag an Fhéile Cheilteach 2013.

Tá stór focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil san App seo. Tá focail ann a bhaineann le Cois Trá, Ar an bhFeirm, Sa Chathair, agus sa Choill chomh maith le rogha iolraí gaeilge. Tá na focail le feiceáil scríofa agus le cloisteáil freisin. Tá súil againn go mbainfidh tú sult as!

Íoslódáil saor in aisce anseo:

https://itunes.apple.com/app/id732915380

APP Bia Linn

Tá an aip nua saor in aisce Bia Linn ar fáil anois ar iPhone agus ar Android: téir chug an nasc thíos, nó cuardaigh ‘Bia Linn’ san App store.

Íoslódáil saor in aisce anseo:

https://play.google.com/store/apps/details?id=org.apache.cordova.bialinn&hl=en_IE
https://itunes.apple.com/gb/app/bia-linn/id695255514?mt=8

APP CÚLACAINT 1

Tá stór beag focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil ar an App nua seo a chuimsíonn raon leathan ábhar – an Aimsir, Ainmhithe, Gluaisteáin agus Baill Coirp. Tá na focail ar taispeáint ann agus iad le cloisteáil freisin. Tá fáil ann freisin ar leathanach le dathú chun do phictiúr féin a chruthú nó led fhocal féin a scríobh.

Íoslódáil saor in aisce anseo:

https://play.google.com/store/apps/details?id=air.com.opus.culacainte
https://itunes.apple.com/us/app/cula-caint/id471062494?mt=8

APP CÚLACAINT 2

Tagann App CúlaCaint 2 sa mbreis ar an gcéad App a sheol Cúla4 ag Oireachtas 2011. Tá stór focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil san App seo. Tá focail ann a bhaineann leis an Aibítir, Uimhreacha, Dathanna, Bia agus Éadach Tá na focail le feiceáil scríofa agus le cloisteáil freisin.

Íoslódáil saor in aisce anseo:

https://play.google.com/store/apps/details?id=air.com.opus.culacaint2
https://itunes.apple.com/ie/app/cula-caint-2/id570986552?mt=8

APP CÚLACAINT 3

Tagann App CúlaCaint 3 sa mbreis ar an dá ceann eile atá amuigh againn. Tá stór focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil san App seo. Tá focail ann a bhaineann leis an Trá, an Fheirm, an Choill agus an Chathair. Tá na focail le feiceáil scríofa agus le cloisteáil freisin.

Íoslódáil saor in aisce anseo:

https://play.google.com/store/apps/details?id=air.com.opus.culacaint3
https://itunes.apple.com/ie/app/cula-caint-3/id732915380?mt=8

Tá súil againn go mbainfidh tú sult astu!

Chun na h-aipeanna a íoslódáil, téigh chuig iTunes, agus cuardaigh ‘Cúla4’ nó ‘TG4’.


Féach