Seinnteoir Aip IOS Cúla 4 | Nuacht | Cúla4 | TG4 | Súil Eile Skip to main content
 

Seinnteoir Aip IOS Cúla 4

Aip Seinnteoir iOS Cúla4

Tá forbairt shuntasach déanta i soláthar Gaeilge TG4 do pháistí le seoladh an aip nua,  Seinnteoir Cúla4.

Tá sé in oiriúint do ghairis iOS (iPhone, iPad agus iPod) agus deis don lucht féachana breathnú ar chláir Cúla4 aon uair den lá no den oíche, de réir mar a oireann dóibh (agus dá dtuismitheoirí).  Tá suas le 200 uair an chloig de cláracha Ghaeilge ar fáil ar an Aip, ina measc, cartúin mar Dennis & Gnasher, Peg & Cat, agus Masha agus an Béar mar aon le hábhar nua choimisiúnaithe bunaidh Gaeilge mar Is Eolaí Mé agus Na Dúlradóirí agus míreanna nua-chruthaithe eile faoi na teidil Cluichí, Spórt agus Ceardaíocht.

Tá dhá rannóg ar an aip,  ceann amháin ina bhfuil ábhar don lucht féachana faoi bhun 6 bliana d’aois agus an rannóg eile don lucht féachana atá níos sine na sin.

Faoi mar is gnách le hábhar teilifíse, de réir na socraithe maidir le cearta, bíonn iomlán an ábhair ar fáil don lucht féachana in Éirinn.  Ach ainneoin roinnt srianta orthu, tá raon leathan den ábhar ar an aip seo ar fáil chomh maith don lucht féachana ar fud na cruinne.

Tá an aip nua seo ar fáil le íoslódáil saor in aisce ón App store. (cuardaigh “Cula4”.  Dóibh siúd a bhaineann leas as gairis Android, is féidir theacht ar ábhar seo ar fad ar Shuíomh Gréasáin Cúla4: http://www.cula4.com/ga/shows).

https://itunes.apple.com/ie/app/cula4-seinnteoir/id1150433421?mt=8


Féach