Anois oíche Nollag
Tá an domhan ina luí
Tá sneachta ag titim
Ar an saol mar a bhí
Tá draíocht na Nollag
Le feiceáil go smior
Le grá is le cairdeas
Ó thuaidh agus thoir
Anois oíche Nollag
Tá na réalta sa spéir
Tá na haingil le cloisteáil
A nglórtha san aer.