Anraith Cloiche

Caith isteach sa phota é
A chara dhíl
Cibé rud atá agat ansin
Bíonn blas ar an mbeagán
Fiú mura mbíonn ann ach cloch!
Caithfidh muid teacht le chéile
Chun cabhrú lenár gclann
Ar scáth a chéile a mhairimid
Is sin í an fhírinne ghlan
Caithfidh muid teacht… teacht le chéile
Caithfidh muid teacht le chéile
Chun cabhrú lenár gclann
Ar scáth a chéile a mhairimid
Is sin í …. sin í an fhírinne ghlan