Labhraidh Labhraidh

Labhraidh Labhraidh
Tráth do bhí
Labhraidh Labhraidh ina rí
Rún diamhair ina chroí
Rún ag Labhraidh Rí
Eoinín Eoinín
Tráth do bhí
Gruaigeadóir ag an Rí
Eoinín Eoinín
Tráth do bhí
Chuala rún an Rí
Cláirseach cláirseach
Tráth do bhí
Cláirseach álainn ag an rí
Cláirseach cláirseach
Tráth do bhí
Chuala rún an Rí
Cóisir, cóisir
Tráth do bhí
Cóisir, cóisir
Ag an Rí
Cláirseach, cláirseach
Tráth do bhí
Scaoil rún an Rí
Cluasa capaill ar an Rí
Cluasa capaill tráth do bhí
Cluasa capaill ar an Rí
Cluasa Labhraidh Rí