
Rátáil Tuismitheora: G
Nuair a roghnaítear Aifric don phríomhpháirt sa dráma scoile, faigheann sí amach nach é an stumpa breá Jeaic as an idirbhliain a bheidh le pógadh aici ach Maidhc, an pleota páistiúil sin ina rang féin.
Chéad Taispeántas: 23 Fea
Rogha Fotheidil
Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).
Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.
Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.
Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.
Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.
Leanann an clár seo an choimhlint, an grá agus an cairdeas a bhíonn ag Aifric lena cairde i bpobalscoil Leitir Láir agus a caidreamh lena clann. Tá an saol ag fáil níos casta agus níos casta d’Aifric agus í ag éirí níos sine. Feicfimid arís cén treo atá a saol ag dul agus í beagnach réidh leis an scoil.