
Rátáil Tuismitheora: G
'An Chruthaitheacht' téama na seachtaine seo. Léifidh an Múinteoir Orla 'An Pota Draíochta', scéal iontach faoi phota leitean draíochta. Déanfaidh sí a pota draíochta féin as cré sa rang ealaíne. Taispeánfaidh Orla an chaoi le d'uirlis cheoil féin a dhéanamh, an bata báistí. Pléifidh an múinteoir Síle an Renaissance sa rang staire agus bainfidh sí triail as a bheith ag péinteáil agus í ag luí ar a droim, díreach mar a rinne Michelangelo é fadó!
Chéad Taispeántas: 14 Mei
Rogha Fotheidil
Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).
Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.
Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.
Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.
Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.
Clár siamsúil scoile bunaithe ar ghnéithe de churaclam na bunscoile agus ar théamaí éagsúla gach seachtain.
Is féidir breathnú ar na cláracha ar Cula4.com nó ar TG4.ie agus tá ceachtanna ar fáil ar YouTube Cúla4.
https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3COzIi5Rnl0F9yRZVR3tf_1
https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3AcCrGgD04ryY6bnN8h7GSr
Cuirfear fáilte roimh rannpháirtíocht na bpáistí sa bhaile le linn an chláir Cúla4 ar Scoil; agus is féidir pictiúir nó físeáin a sheoladh isteach chuig an gclár. Beidh an t-ábhar ar fáil freisin ar líne ar Cula4.com agus ar YouTube Cúla4.