
Rátáil Tuismitheora: G
Ar chlár na seachtaine seo beidh grúpa páistí a chaitheann go leor ama sa bhforaois. Tuigeann siad go maith chomh tábhachtach is atá na crainn. Tugann siad faoi dhúshlán chun airgead a bhailiú chun crainn a chur.
Chéad Taispeántas: 3 Aib
Rogha Fotheidil
Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).
Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.
Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.
Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.
Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.
Sraith nua faoi chúrsaí timpeallachta do dhaoine óga ina dtugtar deis do pháistí a bheith páirteach i bhfeachtais agus a bheith ag obair ar thograí chun an lorg charbóin atá againn a laghdú. Pléifear gach rud – truailliú, plaisteach, cur amú bia agus uisce. Is í Aisling Ní Dhonnabháin a chuirfidh an tsraith seo i láthair agus rachaidh sí ar fud na tíre ag casadh le grúpaí éagsúla gach seachtain a bhfuil sprioc agus togra áirithe acu a chabhróidh leis an timpeallacht.