Skip to main content
 

Is Mise

Luan - Aoine @ 09:45

Is Mise

Luan - Aoine @ 09:45

Is Mise

Luan - Aoine @ 09:45

Is Mise

Luan - Aoine @ 09:45


Is Mise 1-12

Rátáil Tuismitheora: G

Tabharfaidh Cóil cuairt ar Stáisiún Bhriogáid Dóiteáin na Ceathrún Rua agus casfaidh sé le Edward agus Dónal. Tabharfaidh siad ar thuras timpeall an ionaid é agus taispeánfaidh siad dó na nithe ar fad a bheidh ag teastáil uathu inniu - clogad, seaicéad agus ceamara speisialta. Déanfaidh Dónal cur síos ar an inneall dóiteáin agus bíonn Cóil ar bís nuair a fhaigheann sé deis an píobán dóiteáin a úsáid.

Chéad Taispeántas: 19 Aib

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Sraith nua beo-aicsin trí Ghaeilge is ea Is Mise…  dírithe ar pháistí réamhscoile léirithe ag Meangadh Fíbín do TG4.

Leanann an tsraith uaillmhianach seo ceathrar láithreoirí óga agus iad ag fiosrú agus ag foghlaim faoin domhan mór tríd a súile féin. Leanann muid Ríona, Róisín, Joey agus Cóil ar eachtraí éagsúla agus iad ag foghlaim agus ag tabhairt faoi réimse leathan gníomhaíochtaí i ngach clár, ó chuairt ar fhoireann an bhriogáid dóiteáin go cóiriú bláthanna agus ó fheirmeoireacht go ceacht hip hap. Cuirtear taithí nua i láthair i ngach clár, bainteach le gníomhaíocht éigin a bhfuil suim ag an aoisghrúpa seo ann.

Tugann gach láithreoir a bhfuil togha na Gaeilge acu ó Ghaeltachtaí Dhún na Gall, Conamara agus Ciarraí a bpearsantacht ar leith féin chuig an tsraith agus muid á leanúint ar a n-eachtraí i ngach clár agus tagann tuairimí fírinneacha pháiste an lae inniu chun cinn.

Múineann an tsraith Is Mise… do pháistí gur taiscéalaithe óga iad agus spreagann sé an lucht féachana óg ag baile chun taithí difriúla a aimsiú agus triail a bhaint astu agus léiríonn sé tiomantas TG4 ábhar dúchasach a léiriú dá sceideal do dhaoine óga.

Tá Is Mise… lán le beocht, fiosracht agus thar aon ní eile, lán d’fhírinne agus spraoi.

Féach