IS EOLAÍ MÉ
Le ceisteanna is teoiricí
Le heolas agus fíricí
Tá fios mo ghnó ceart agam
Le hargón is maignéisiam
Le fuinneamh i mo shaotharlann
Tá gach uile jab faoi lámh agam
Diabhal eilimint nach bhfuil
a fhios agam, tíotáiniam is sóidiam
Le tuairimí faoi theoiricí
Le solas ar mo bhunsmaointe
Tá gach uile rud ar eolas agam
Faoi chopar is seiléiniam
Tá cnámharlach i mo theach agam
Le cnámha lán le cailciam
Ag análú le hocsaigin, gach freagra
beo ar bharr mo chinn – is eolaí mé
Is eolaí mé
Gach uile dhuine réidh?
Is eolaí mé
Níl aon rud le plé! Is eolaí mé
Hé, tusa! Nach bhfuil tú réidh?