Skip to main content
 

Aer

Ag Teastáil:

  • Crúsca nó buidéal le béal leathan air
  • Ubh bhruite
  • Píosa páipéir
  • Cipíní solais nó lasair

Treoracha

1. Lúb an páipéar suas mar seo, agus las é ag baint úsáid as na cipíní solais (faigh duine fásta chun cúnamh a thabhairt duit leis seo)
2. Go sciobtha cuir do pháipéar lasta isteach sa mbuidéal agus cuir d’ubh ar a bharr.
3. Breathnaigh ar céard a tharlaíonn?

Cén chaoi a dtógfaidh muid an ubh amach as arís?

4. Tá orainn an buidéal a iompú ar a thaobh beagán sa chaoi go bhfuil an ubh gar do mhuinéal an bhuidéil agus ansin séideadh go láidir chun níos mó aeir a bhrú isteach sa mbuidéal.

Agus cén chaoi a n-oibríonn sé?
Téann an tine bheag sa mbuidéal an t-aer agus éalaíonn beagán dó. Nuair a leagann muid an ubh ar a bharr imíonn an tine amach agus fuaraíonn agus crapann an t-aer taobh istigh den bhuidéal. Déanann sé sin folús beag taobh istigh den bhuidéal a tharraingíonn an ubh ón taobh istigh. Freisin, tá difríocht anois san aerbhrú idir an taobh istigh agus an taobh amuigh den bhuidéal agus brúnn an t-aerbhrú ard an ubh ón taobh amuigh agus bogann an ubh isteach sa mbuidéal.

Ag teastáil

Féach

Déan sa mBaile é

Do it at Home

Breise

Extra

Láithreoirí

Presenters