AG TEASTÁIL
- Gloine ghlan nó crúsca plaisteach
- Píosa d’fheadán plaisteach tuairim is 30cm ar fhad
- Píosa cárta
- Siosúr
- Téip
- Banda rubair
- Marla
- Agus píosa beag muislín
Le Déanamh
Gearr na feadáin ina dhá phíosa, píosa amháin tuairim is 20cm ar fhad agus píosa eile tuairim is 10cm ar fhad. Cuir píosa beag muislín ar thaobh amháin den fheadán is giorra agus coinnigh ina áit é leis an mbanda rubair, mar seo.
Anois cuir an crúsca bunoscionn ar an bpíosa cárta agus tarraing timpeall bhéal an chrúsca, mar seo.
Úsáid an siosúr chun gearradh timpeall an chiorcail atá tarraingthe agat.
Anois tá tú ag iarraidh dhá pholl bheag a dhéanamh sa chárta, iad a bheith sách mór chun go rachaidh do chuid feadáin tríothu.
Greamaigh an cárta ar bhéal an chrúsca le téip agus déan cinnte go gcuireann tú téip timpeall an taobh ar fad.
Brúigh an dá fheadán isteach sna poill sa chárta , ag déanamh cinnte gurbh é an taobh atá clúdaithe ag an muislín atá istigh sa bhuidéal don fheadán is giorra.
Ar deireadh, beidh ort é a bheith sách teann sa chaoi nach ligtear aon aer isteach agus séalaigh timpeall na feadáin le marla.