Ag Teastáil:
- Balún
- Sean dlúthdhiosca
- Claibín buidéil
- Glú Láidir
Treoracha
1. Greamaigh an claibín agus é dúnta os cionn poll an dlúthdhiosca le glú. (Os rud é go dteastaíonn glú láidir , fáigh cúnamh uaidh duine fásta chun é seo a dhéanamh)
2. Fág go leath taobh é go dtí go bhfuil an glú tirim .
3. Nuair atá an glú tirim , cur an balún os cionn an claibín go cúramach.
4. Ansin caithfidh an balún a shéideadh le haeir. Séid isteach sa pholl ar íochar an dlúthdhiosca.
5. Bí cinnte go bhfuil bord mín agat agus oscail an claibín agus scaoil leis.
Cén chaoi a n-oibríonn sé?
Nuair atá claibín an bhuidéal oscailte scaoiltear an t-aer amach agus bíonn sruth air idir an dluthdhiosca agus an bord. Mar gheall ar seo, ardaíonn an dlúthdhiosca beagáinín agus islíonn sé an frithchuimilt agus ligeann sé sin don dluthdhiosca taisteal ar an mbord.