Ag Teastáil:
- Rós/bláth bán
- Scian ghéar (duine fásta i láthair)
- Ceithre bhuidéal/chrúsca bheag folamh
- Ceithre bhuidéal dathúchán bia difriúil
- Uisce
Treoracha
1. Beidh ort gas an bhlátha a ghearradh isteach ina cheithre phíosa, ar a fhad. (tá sé seo beagán casta agus teastaíonn scian ghéar mar sin b’fhearr duit fiafrú ar dhuine fásta é seo a dhéanamh duit )
2. Fáigh do cheithre bhuidéal beag réidh, agus dóirt buidéal dathúchán bia difriúil isteach i ngach ceann agus cuir an méid chéanna uisce isteach iontu.
3. Leag na buidéil uile amach agus go cúramach le chéile agus cuir píosa de ghas gearrtha an róis isteach i ngach buidéal .
4. Déan cinnte nach mbriseann an gas agus go suíonn sé go maith isteach sa leacht.
5. Agus ansin cur go leath taobh é ar feadh cupla uair a chloig nó thar oíche fiú amhain.
Céard atá ag tarlú?
Tarraingítear an dathúchán bia suas an xiléim sa ghas in éineacht leis an uisce agus athraíonn sé dath na bpeitil nuair a shroicheann sé an bláth. Faigheann páirteanna difriúla den bhláth a soláthar uisce ó xiléim dhifriúla, agus chuige sin a bhíonn dath difriúil ar pháirteanna difriúla den bhláth sa deireadh.