Skip to main content
 

Domhantarraingt

AG TEASTÁIL

  • Gloine
  • Crúsca uisce
  • Píosa cárta láidir.

Treoracha
1. Líon an ghloine le huisce, suas go barr uile.

2. Clúdaigh an ghloine uisce leis an bpíosa cárta.

3. Beidh ort an píosa seo a dhéanamh os cionn mias nó thar an doirteal.

4. Coinnigh an cárta le lámh amháin, á bhrú go maith in aghaidh na gloine agus tú ag iompú an ghloine bunoscionn.

5. Anois don chuid spraíúil … coinnigh ort ag coinneáil an ghloine bunoscionn agus ag an am céanna tóg do lámh atá ag coinneáil an chárta.

Céard a tharla?
Cén fáth mar sin go bhfuil an cárta ag fanacht ar an ngloine agus cén fáth nach bhfuil an t-uisce ag titim go talamh – Cén chaoi a dtugann sé seo dúshlán don domhantarraingt?
Aerbhrú an freagra. Mar gheall nach bhfuil aon aer taobh istigh den ghloine, tá an t-aerbhrú ó taobh amuigh den ghloine níos mó ná an brú ar an uisce taobh istigh den ghloine. Éiríonn leis an aerbhrú ard an cárta a choinneáil ina áit agus an t-uisce a choinneáil istigh sa ghloine!

Ag Teastáil:

Féach

Déan sa mBaile é

Do it at Home

Breise

Extra

Láithreoirí

Presenters