Maighnéadas
Ag teastáil
- Páipéar ciorclach
- Snáthaid
- Maighnéad
- Babhla Uisce
- Compás
- Cuir an tsnáthaid tríd an páipéar ciorclach sa chaoi go bhfuil an tsnáthaid uile beagnach ar thaobh amháin den pháipéar.
- Anois tá ort an tsnáthaid sin a iompú isteach ina mhaighnéad. Is féidir leat é seo a dhéanamh tríd é a chuimilt 30 uair i dtreo amháin le taobh amháin de do mhaighnéad láidir.
- Déan cinnte go gcrochann tú do mhaighnéad tar éis gach cuimilt.
- Anois cuir do pháipéar ciorclach ag snámh ar bharr an uisce sa bhabhla go cúramach (an taobh leis an tsnáthaid iompaithe suas).
- Ba cheart go gcasfadh an páipéar timpeall go mall ar feadh cúpla soicind agus go stopfadh sé ansin.
- Ba cheart go mbeadh an tsnáthaid anois ag díriú sa treo ó Thuaidh-Theas. Is féidir leat é seo a chinntiú le compás más maith leat!
CÉARD A THARLA?
Tá caithníní beaga iarainn atá measctha suas sa tsnáthaid. Nuair a chuimlíonn tú an tsnáthaid leis an maighnéad cuireann sé na caithníní iarainn in ord sa treo céanna (ó Thuaidh-Theas); déantar maighnéad sealadach den tsnáthaid.
Nuair atá an páipéar ag snámh san uisce tá sé saor le casadh timpeall agus tarraingíonn fórsa maighnéadach an Domhain timpeall é go dtí go gcuirtear an maighnéad in ord leis na poil mhaighnéadacha.
Go dtí an chéad uair eile…. Bí i d’Eolaí!