Ag Teastáil:
- Buidéal Plaisteach Folamh 2L
- Páipéar nó cárta
- Siosúr
- Téip Insliúcháin
- Píopa PVC Leathorlaigh
- Píosa de phíonán rubair
Treoracha
1. Greamaigh taobh amháin den phíobán rubair le béal an bhuidéil…le píosa téip insliúcháin agus greamaigh an taobh eile den taobh eile den phíopa PVC.
2. Ansin, cruthaigh corp an roicéid trí phíosa páipéir a fhilleadh thart ar an bpíopa PVC agus greamaigh é le téip ar an taobh amuigh.
3. Bain amach an roicéad ón bpíopa.
4. Gearr ceithre triantán páipéir agus greamaigh de chorp an roicéid ag taobh amháin..seo eití an roicéid..
5. Déan srón…(ar nós cón) don taobh eile den roicéad agus greamaigh le téip é.
6. Seas an roicéad páipéir ar bharr an phíopa PVC agus leag an buidéal 2L ar an taobh ar a thaobh. Breith ar an bpíopa sa treo a bhfuil tú ag iarraidh an roicéad a sheoladh!
7. Buail do chos ar an mbuidéal….agus breathnaigh ar do roicéad ag ardú leis!
Féach cé chomh fada is atá an roicéad in ann a dhul.
Céard a tharla?
Nuair a sheasann tú ar an mbuidéal caitheann sé amach an t-aer agus caitheann sé sin an roicéad amach ag deireadh an phíopa!
Séid ar an bpíopa chun é a oscailt suas arís agus beidh cúpla uair a chloig spraoi agat.