Skip to main content
 

Fuaim

Ag Teastáil:

  • Cupán plaisteach
  • Sreangán éadaigh
  • Fáiscín páipéir
  • Siosúr
  • Babhla beag uisce

 

Treoracha

Cuir poll beag ar bharr an chupáin, is fearr iarradh ar dhuine fásta cabhrú leat leis an gceann seo!

Gearr an sreangán thart ar 60cm ar fhad.

Ceangail taobh amháin den sreangán leis an bhfáiscin páipéir.

Cuir isteach an sreangán tríd an bpoll i mbarr an chupáin, díreach mar seo, go mbeidh rud eicínt agat a bhreathnaíonn ar nós cloigín.

Anois don pháirt spraoiúil….tum an sreangán i mbabhla uisce chun é a fhliuchadh, má tá an iomarca uisce ann is féidir é a fháisceadh amach as.

Beir ar an gcupán mar seo agus fáisc an sreangán idir d’ordóg agus do chorrmhéir agus tarraing anuas ar an sreangán.

Ba chóir go mbeifeá in ann an fhuaim a athrú, díreach tríd an gcaoi a dtarraingíonn tú an sreangán.

Ceárd a tharla?

Bhuel, nuair a tharraingíonn tú ar an sreangán, tosaíonn sé ag croitheadh, agus toisc go bhfuil sé fliuch méadaíonn sé an fhrithchuimilt idir an sreangán agus do mhéara. Tá an sreangán ceangailte leis an bhfáiscín páipéir agus leis an gcupán agus tosaíonn siadsan ag croitheadh freisin. Tá an cupán lán le haer, tosaíonn sé seo ag croitheadh agus ardaíonn sé seo an fhuaim agus bíonn torann an-mhór agat mar sin!!!

Ag Teastáil:

Féach

Déan sa mBaile é

Do it at Home

Breise

Extra

Láithreoirí

Presenters