Skip to main content
 

Leictreachas

Ag Teastáil:

  • Cadhnra méid D
  • Píosa sreang leictreach brathaithe plaisteach (10cm ar fhad)
  • Siosúr
  • Téip Insliúcháin
  • Bolgán beag tóirse
  • Páipéar alúmanaim

Má theastaíonn uait é a mhaisiú nuair atá sé déanta teastóidh páipéar daite, seilitéip agus glantóirí píopaí, márla srl uait.
Treoracha

1. Faigh duine fásta ar dtús chun píosa beag den bhratú plaisteach a bhaint de chaon taobh den sreang fada agus den sreang gearr. Is féidir leo an siosúr a úsáid chun é seo a dhéanamh.

2. Ag úsáid seilitéip cuir taobh amháin den sreang fada i bhfostú den taobh ré den bhataire, agus coinnigh in áit é le tuilleadh seilitéip suas ar thaobh an bhataire.

3. Fáisc taobh amháin den sreang gearr timpeall bun miotail an bholgáin bheag, mar seo. Tá tú ag iarraidh a dhéanamh cinnte go bhfuil an miotal sa sreang i dteagmháil leis an miotal i mbun an bholgáin.

4. Anois cuir an bolgán seo in aghaidh an taobh eile den bhataire agus úsáid an blu tac chun é a choinneáil ina áit. Coinnigh an dá thaobh oscailte de na sreanga ina n-áit chomh maith.

5. Crap suas dhá phíosa beag scragall stáin ina dhá liathróid agus cuir ceann i bhfostú den taobh oscailte den dá sreang.

6. Anois tá sé réidh le dul ag obair ach b’fhéidir go mba mhaith leat do cheann a mhaisiú
AN TÁSTÁIL
Ní theastaíonn anois ach do sheiceálaí seoltachta a thástáil… má leagann tú do lámh ar na liathróidí atá déanta as scragall stáin ar dhea-sheoltóir, ar nós eochair mhiotail, críochnóidh tú an ciorcad agus lasann srón na feithide suas. Úsáid rud éigin ar nós peann luaidhe agus feicfidh tú nach dtarlaíonn tada.

Seo roinnt rudaí a d’fhéadfá a thástáil (eochracha, forc, scian, spúnóg, fáiscín gruaige, fáiscín páipéir, peann luaidhe, rialóir, cuimilteoir srl)

Bí cúramach áfach, ná tástáil fearais leictreach ná soicéid RIAMH. D’fhéadfá turraing leictreach an-dáiríre a fháil.

Ag Teastáil:

Féach

Déan sa mBaile é

Do it at Home

Breise

Extra

Láithreoirí

Presenters