AG TEASTÁIL
- Púdar Borax
- Uisce Te
- Crúsca
- Spúnóg
- Glantóirí píopa
- Siosúr
- Peann luaidhe nó cipín líreacáin
- Dathúchán bia
- Gealra
Le Déanamh
1. Doirt uisce te isteach i do chrúsca.
2. Ansin measc an púdar borax san uisce te go dtí go bhfuil sé leáite.
3. Is féidir cúpla braon de dhathúchán bia agus gealra a chuir leis chun dath a chuir ar na criostail.
4. Déan cruth leis na glantóirí píopa, cruthófar na criostail sa gcruth sin.
5. Ceangail do chruth leis an gcipín agus croch istigh sa gcrúsca é ag déanamh cinnte gan taobh an chrúsa a bhuaileadh.
6. Fág do chrúsca thar oíche agus an lá dar gcionn agus feicfidh tú do chruth clúdaithe le criostail áillle.