Ag Teastáil:
- Píosa cárta nó páipéir
- Rialóir
- Siosúr
- Peann agus pinn daite
- Rud éigin ciorclach chun dathú timpeall air
- Peann luaidhe nó cipín
Treoracha
1. Tarraing ciorcal ar an gcárta agus gearr amach é agus roinn an ciorcal isteach ina pháirteanna cothroma, ceann le haghaidh gach dath den tuar ceatha.
2. Ansin gearr amach an ciorcal.
3. Tá ort gach páirt a dhathú isteach le gach dath sa tuar ceatha.
4. Déan poll i lár an chiorcail le peann luaidhe nó leis an gcipín agus brú tríd é chun rud éigin atá cosúil le caiseal (spinning top) a dhéanamh.
5. Anois don chuid spraíúil, tá ort an peann luaidhe a rothlú ar a phointe bairr, ar nós a dhéanfá le caiseal, sa chaoi go rothlaíonn an cárta timpeall an-sciobtha.
6. B’fhéidir go dtógfadh sé cúpla babhta ort chun é a fháil ag obair ach tabharfaidh tú faoi deara an chaoi a mbreathnaíonn an cárta bán nuair a rothlaíonn sé.
Agus cén chaoi a n-oibríonn sé?
De réir mar a rothlaíonn an cárta dathanna sách sciobtha ní féidir lenár súile gach dath a fheiceáil astu féin mar sin feiceann muid an seacht dath ag an am céanna agus breathnaíonn sé gur dath bán atá orthu – díreach ar nós solas na gréine!