Ag Teastáil :
- Buidéal Plaisteach
- Uisce
- Ola Chócaireachta
- Dathúchán Bia Gorm
- Tonnadóir
Treoracha
1. Ag úsáid an tonnadóir, lion aon tríonn don bhuidéal phlaisteach le h-uisce.
2. Cuir isteach cúpla braon den dathúchán bia chun dath na farraige a chuir air.
3. Fáigh an tonnadóir arís agus cuir isteach an t-ola sa mbuidéal.
4. Fáisc an buidéal go maith agus iompaigh an buidéal ar a thaobh …. Feicfidh sibh go bhfuil an t-uisce ar íochtar an bhuidéal.. Má chraitheann tú an buidéal ó thaobh go taobh, déanann tú tonnta sa mbuidéal mar seo.. agus sin anois do aigéan sa mbuidéal.
Chun é a athrú isteach ina lampa laibhe.
5. Níl uait ach taibléid Alka Seltzer…(ach fáigh cead agus cúnamh ó dhuine fásta anseo)
6. Cuir an buidéal ina sheasamh agus bris an taibléid ina phíosaí agus caith isteach sa mbuidéal é.
7. Dún an claibín ach ná fáisc é agus féach céard a tharlaíonn..