Skip to main content
 

Aeraidinimic

Ag Teastáil:

  • Leathanach páipéir A4

 
Treoracha

1. Tóg an cúinne uachtarach ar chlé agus fill isteach é. Déan cinnte go bhfuil an cúinne íochtarach ar chlé ina phointe.

2. Oscail arís é.

3. Déan an rud ceannann céanna an taobh deas den leathanach – beidh tú fágtha le filleadh i gcruth X i lár an leathanaigh.

4. Tóg an cúinne uachtarach ar chlé arís agus fill isteach é go dtí an líne nua atá cruthaithe agat.

5. Déan an rud céanna ar an taobh deas.

6. Tóg an taobh deas agus fill isteach air féin é.

7. Déan an rud céanna ar an taobh clé.

8. Tóg gob an eitleáin agus fill isteach air féin é.

9. Cas timpeall an t-eitleán agus fill ina dhá leath é.

10. Tóg taobh amháin de agus fill síos air féin é le sciathán amháin a chruthú.

11. Déan an rud céanna ar an taobh eile, agus beidh an t-eitleán réidh.

 

Ag teastáil

Féach

Déan sa mBaile é

Do it at Home

Breise

Extra

Láithreoirí

Presenters