Ag Teastáil:
- Buidéal folamh le claibín – gan aon dath
- Biorán ordóige
- Siosúr
- Crúsca Uisce – daite le cúpla braon de dhathúchán bia
- Peann
- Stop uaireadóir
Treoracha
1. Tóg an buidéal plaisteach agus gearr ina dhá leath é leis an siosúr…sa chaoi go mbeidh dhá leath agat
2. Bain úsáid as an mbiorán le poll beag a dhéanamh sa gclaibín agus cuir ar bharr an bhuidéil arís é
Bí an-chúramach leis an siosúr agus an biorán, iarr ar dhuine fásta cúnamh a thabhairt duit
3. Cas barr an bhuidéil bun os cionn agus cuir ina shuí sa leath eile den bhuidéal é mar seo
4. Faigh do stop uaireadóir anois, doirt an t-uisce isteach sa mbuidéal agus tosaigh an chloig
5. Bain úsáid as do pheann chun leibhéal an uisce a mharcáil ar thaobh an bhuidéil nuair atá nóiméad amháin caite, dhá nóiméad agus ar aghaidh mar sin.
6. Nuair atá an t-uisce ar fad doirte isteach ó uachtar an bhuidéil go dtí an t-íochtar is féidir é a dhoirteadh isteach sa gcrúsca arís agus tosaigh arís.
Is fiú é a dhéanamh cúpla uair nuair atá an clog uisce á shocrú agat le cinntiú go bhfuil na marcanna nóiméid ceart agat.
Is féidir leat é a úsáid le fáil amach cé mhéad ama a thógann sé ort rud a dhéanamh….cé mhéad ama a thógann sé ort liathróid a phreabadh mar shampla