Ag Teastáil:
- Seanbhabhla nó coimeádán folamh
- Scannán cumhdaithe
- Banda leaisteach
- Tráidire Bácála
- Spúnóg
- Salann
Treoracha
1. Ar dtús, cuir an scannán cumhdaithe trasna an choimeádáin.
2. Cuir banda leaisteach timpeall ar bharr an choimeádáin chun an scannán cumhdaithe a choinneáil air. Déan cinnte é a tharraingt go teann.
3. Doirt roinnt gráinní salainn ar an scannán cumhdaithe
4. Chun fuaim a dhéanamh buail an tráidire bácála leis an spúnóg.
5. Féach ar an tionchar atá ag an torann ar na gráinní salainn.
6. Bain triail as fuaimeanna difriúla agus féach céard a tharlóidh.