Ag Teastáil:
- Crúsca Gloine
- Uachtar Dúbailte
- Babhla salainn
- Éadach Muslín
Treoracha
1. Doirt an t-uachtar isteach sa chrúsca
2. Cuir gráinne salainn isteach san uachtar
3. Anois tosaigh ag croitheadh…agus ag croitheadh…agus ag croitheadh…
4. Feicfidh tú do chuid uachtair deighilte i gcnap mór ime agus leacht.
5. Leag an t-éadach muslín ar bharr an babhla agus doirt an leacht agus an t-im isteach ann
6. Fill suas an muislín agus fáisc amach an leacht
7. Anois oscail do mhuslín
8. Is féidir an t-im a bhlaiseadh