Ag Teastáil:
- Babhla measctha
- Spúnóg
- Gliú PVA gan aon dath
- Cupán nó crúsca beag
- Taespúnóg
- Spúnóg bhoird
- Sóid aráin
- Leacht lionsaí tadhaill
Treoracha
1. Ar dtús, tomhais leathchupán de ghliú PVA (thart ar 120 ml) agus cuir isteach sa mbabhla é.
2. Cuir dhá thaespúnóg de shóid aráin isteach agus measc le chéile iad go maith.
3. Cuir isteach spúnóg bhoird den leacht lionsaí tadhall agus measc gach rud le chéile go maith.
4. Nuair a thosóidh an sláthach ag greamú dá chéile, tóg i do lámha é agus déan é a fhilleadh agus a shíneadh.
5. Cuir níos mó leacht lionsaí tadhaill leis más gá.