Ag Teastáil:
- Leacht Bolgáin
- Babhla beag agus babhla mór gloine
- Glantóirí píopa
- Soip
- Siosúir
- Pláta
Treoracha
1. Doirt isteach roinnt den leacht bolgáin isteach sa mbabhla.
2. Tóg an glantóir píopa agus fill thimpeall é, fáisc timpeall é agus déan cinnte go bhfuil cruth ciorclach agat.
3. Leann an modh céanna chun cearnóg agus triantán a dhéanamh.
4. Tum an píopa sa leacht bolgáin agus déan cinnte go bhfuil go leor den leacht thimpeall ar an gciorcal.
5. Séid tríd an gciorcal agus anois tá bolgáin ciorclach agat!
6. Déan an rud céanna leis a triantán agus an chearnóg agus tá bolgáin ciorclach nó sféir arís agat.
Cén chaoi gur féidir bolgán ciúb a shéideadh?
7. Tá orainn slat bolgán ciúbóideacha a dhéanamh as soip agus glantóirí píopa.
8. Le ceann mar seo a dhéanamh teastaíonn sé ghlantóir píopa agus sé shop.
Déan cinnte go bhfuil cúnamh agat ó dhuine fásta agus tú ag úsáid siosúr
9. Gearr na glantóirí píopa agus na soip ina dhá leath, feicfidh tú go bhfuil na glantóirí píopa beagán níos faide ná na soip.
10. Tóg dhá ghlantóir píopa agus lúb timpeall ar a chéile iad ag taobh amháin chun iad a cheangail.
11. Cuir isteach an tríú ghlantóir píopa agus ceangail an ceann sin.
12. Déan é sin arís leis an gcuid eile de na glantóirí píopa go mbeidh cheithre cinn mar seo agat.
13. Sleamhnaigh gach glantóir píopa isteach i sop.
14. Ceangail iad uilig le chéile go dtí go mbíonn slat chiúbach agat.
15. Tum an slat chiúbach sa leacht bolgáin, sa mbabhla mór agus leag síos go cúramach ar phláta é.
16. Séid bolgán sféarach, faigh greim air agus leag isteach sa lár é.
Tá bolgán cearnógach againn, nó lena ainm ceart a thabhairt air…tá ciúb againn!