Skip to main content
 

Eolaíocht Spóirt

Ag Teastáil:

  • Tráidire éadomhain
  • Crúsca uisce
  • Téip dhaite
  • Cipíní líreacáin
  • Siosúr
  • Roinnt coirc
  • Clocha beaga
  • Claibíní buidéil bhainne
  • Leac oighir

 
Treoracha

1. Úsáid an téip dhaite chun dhá chúl a mharcáil amach ar an tráidire

2. Cuir téip trasna lár an tráidire – seo an líne láir.

3. Doirt méid beag uisce isteach sa tráidire go dtí go mbeidh sé beagnach ¾ lán. Déan cinnte go mbeidh an téip clúdaithe.

4. Cuir isteach sa reoiteoir é go han-chúramach. Déan cinnte go bhfuil sé ina luí go cothrom.

5. Fág sa reoiteoir é ar feadh cúpla uair an chloig, nó thar oíche.

6. Le maide haca a dhéanamh, tóg cipín líreacáin agus gearr ar fiar é, thart ar cheathrú bealaigh suas an cipín. Déan cinnte go bhfuil duine fásta in éineacht leat.

7. Tóg an píosa gearr ansin agus cuir ar fiar é ag bun an phíosa fhada. Greamaigh ansin le téip é agus beidh maide haca amháin agat.

8. Déan ceann eile ar an mbealach céanna.

9. Tástáil an corc, na clocha, na claibíní buidéil agus an leac oighir ar an tráidire go bhfeicfidh tú cé acu ceann is fearr mar liathróid.

10. Nuair a bheidh ceann roghnaithe agat imir cluiche haca ar an tráidire oighir le do chairde.

 

Ag teastáil

Féach

Déan sa mBaile é

Do it at Home

Breise

Extra

Láithreoirí

Presenters