Skip to main content
 

Feithidí agus Damháin Alla

Ag Teastáil:

  • Buidéal folamh plaisteach 2 lítear
  • Marcóir
  • Siosúr
  • Crúsca uisce
  • Claibín crúsca

 
Treoracha

1. Bain úsáid as claibín an chrúsca le cabhrú leat ciorcal a tharraingt ar mhuineál an bhuidéil (an chuid chuartha).

2. Iarr ar dhuine fásta cabhrú leat an ciorcal a ghearradh amach leis an siosúr.

3. Doirt braoinín beag uisce isteach sa bpíosa plaistigh atá gearrtha amach agat.

4. Féach ar rud éigin tríd an lionsa formhéadaithe seo – tabharfaidh sé garamharc duit ar rudaí beaga.

5. Faigh crúsca agus cuir feithid isteach ann go cúramach.

6. Leag an lionsa formhéadaithe anuas ar bhéal an chrúsca – ní bheidh an fheithid in ann éalú agus tú ag breathnú uirthi.

7. Ná déan dearmad an fheithid a chur ar ais ina gnáthóg féin i ndiaidh duit breathnú uirthi.

 

Ag teastáil

Féach

Déan sa mBaile é

Do it at Home

Breise

Extra

Láithreoirí

Presenters