Ag Teastáil:
- Píosa de pháipéar crua
- Peann luaidhe
- Rialóir
- Siosúr
- Téip
- Gliú nó tac póstaeir
- Biorán adhmaid
- Buidéal folamh 2 lítear
- Snáithe daite
- Fáiscíní páipéir
Treoracha
1. Gearr amach cearnóg as an bpáipéar (déan cinnte go bhfuil duine fásta leat!).
2. Tarraing líne dhíreach leis an bpeann luaidhe ón gcúinne uachtarach ar chlé dtí an cúinne íochtarach ar dheis.
3. Déan an rud céanna ar an taobh eile – ba cheart go mbeadh X agat.
4. Gearr thart ar leath bealaigh isteach ar gach líne.
5. Cuir ponc i ngach cúinne ar an taobh deas den ghearradh.
6. Fill gach cúinne a bhfuil ponc air isteach sa lár, agus greamaigh ansin iad le téip.
7. Úsáid an gob géar ar an bpíosa adhmaid le poll beag a dhéanamh sa lár (bí cúramach agus iarr ar dhuine fásta cúnamh a thabhairt duit!).
8. Brúigh an muileann go dtí an taobh eile den bhiorán adhmaid agus coinnigh ansin é le tac póstaeir.
9. Iarr ar dhuine fásta poll a dhéanamh sa mbuidéal plaisteach, agus cuir an biorán adhmaid tríd.
10. Ceangail píosa snáithe den chuid den bhiorán atá ag gobadh amach ar chúl an bhuidéil. Cuir beagán téipe air freisin.
11. Ceangail fáiscín páipéir den taobh eile den snáithe.
12. Leag an muileann gaoithe áit éigin a mbeidh an snáithe in ann a bheith ar crochadh uaidh.
13. Séid i dtreo an mhuilinn gaoithe agus féach an mbogfaidh an fáiscín páipéir.