Skip to main content
 

Géineolaíocht

Ag Teastáil:

  • 4 chrúsca gloine a bhfuil milseáin dhaite iontu
  • 2 shnáithe liocrais
  • Bioranna fiacla

 
Treoracha

1. Tabhair A, T, C agus G ar na dathanna éagsúla milseán. Cuimhnigh go dtéann A le T agus C le G.

2. Sáigh bior fiacla isteach i milseán A agus i milseán T agus brúigh ar aghaidh iad go mbeidh siad gar do lár an bhior fiacla.

3. Déan an rud céanna le C agus G.

4. Cuir roinnt mhaith péirí mar seo le chéile.

5. Leag na péirí seo ar an mbord idir an dá shnáithe liocrais.

6. Tosaigh gar do bhun na snáitheanna agus sáigh na bioranna fiacla isteach sa liocras ar an dá thaobh.

7. Déan an rud ar fad a lúbadh le go mbeidh sé cosúil le héilics dúbailte.

 

Ag teastáil

Féach

Déan sa mBaile é

Do it at Home

Breise

Extra

Láithreoirí

Presenters