Ag Teastáil:
- Beagán salann Epsom
- Crúiscín d’uisce te
- Beagán dathúchán bia
- Crúsca gloine
- Cupán tomhais
- Spúnóg
- Cloch an-bheag
- Babhla
Treoracha
1. Cuir cúpla braon den dathúchán bia isteach sa gcrúiscín d’uisce te.
2. Measc le chéile go maith iad.
3. Faigh an crúsca gloine agus cuir cupán den salann Epsom isteach ann.
4. Doirt cupán amháin den uisce daite isteach ann freisin.
5. Measc le chéile go maith iad, go dtí go mbeidh an salann ar fad tuaslagtha.
6. Cuir cloch bheag isteach sa meascán (is uirthi seo a fhásfaidh an criostal) agus cuir an claibín ar an gcrúsca.
7. Cuir isteach sa gcuisneoir é agus fág ann é thar oíche.
8. Doirt amach an leacht agus féach ar an gcriostal.