Ag Teastáil:
- Úll
- Cupán Tomhais
- Crúsca Mór le Claibín
- Sóid Aráin
- Salann
- Cúpla Corc
- Scian
- Babhla
- Spúnóg
Treoracha
1. Ar dtús gearr an t-úll ina cheithre chuid
Déan cinnte go bhfuil cúnamh agat ó dhuine fásta agus tú ag úsáid scian
2. Tóg na coirc agus seas suas iad ag bun an chrúsca
3. Leag na húlla ar bharr na coirc
4. Measc dhá chupán salainn agus cupán sóid aráin, déan cinnte go bhfuil sé meascadh go maith
5. Clúdaigh do chuid úlla leis an meascán salann agus sóid aráin
6. Cuir an claibín ar an gcrúsca agus fág in áit thirim agus fuar
Tógfaidh an próiseas mumaithe ar a laghad seachtain
7. Doirt amach an meascán uilig amach as an gcrúsca
8. Feicfidh tú go bhfuil an t-úll seargtha, ach níl sé lofa!