Skip to main content

Saol Ella

Déardaoin @ 17:00

Saol Ella

Déardaoin @ 17:00

Saol Ella

Déardaoin @ 17:00


Saol Ella 1-6

Rátáil Tuismitheora: G

Tá Ella meáite ar a céad phóg a bheith aici le Josh. An éireoidh léi? Tá Dan sásta leis an gcaoi ar éirigh leo leis na Gaeilgeoirí. Ach an mbeidh sé fós á cheapadh sin nuair a chloisfidh sé plean Mhamó? Cuirtear tús le tóraíocht taisce dheireadh an tsamhraidh. Cé aige a bheidh an bua? Éiríonn achrann idir Ella agus Naoise le linn an rása. An gcuirfidh sé seo deireadh lena gcairdeas nó an mbeidh Treas in ann ciall a chur iontu?

Chéad Taispeántas: 25 Bea

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

I nGaeltacht Chonamara, tá Ella atá trí bliana déag d’aois agus a dlúthchairde, Treas agus Naoise ar bís faoi shaoire an tsamhraidh. Ach tagann athrú ar an scéal nuair a deir athair Ella léi go mbeidh Gaeilgeoirí acu don samhradh. An gcuirfidh sé seo stop le plean Ella do cheol, craic agus rac is roll? Ní mó ná sásta atá comharsa fhiosrach Ella, Máirín, nuair a chloiseann sí faoin socrú nua béal dorais. An ndéanfaidh sí iarracht Dan a chur ó rath? Cuireann Dan glaoch ar chara ar thóir cabhrach. Tagann duine nach raibh súil leis chun é a thabhairt slán!

Féach

Shows