Arán Cruithneachta
Comhábhair
- 350g x plúr caiscín
- 100g x plúr bán láidir
- 300ml x bláthach
- 1 x sp/t lán le décharbónáit sóidiam (ní púdar bácála)
- 1-2 x sp/t salainn
- 1sp/bd x mil
- Coirce le cur ar bharr an bhuilín
Modh
- Bíodh an t-oigheann téite roimh ré go dtí 220°C.
- Criathraigh na plúir, salann agus décharbónáit sóidiam isteach i mbabhla agus cuir isteach an mhil.
- Cuir isteach an bláthach agus den taosrán le do lámha. Ní gá ach na comhábhair a mheascadh le chéile – ná fuin an iomarca é nó beidh an builín righin.
- Déan liathróid den taosrán.
- Leag ar thráidire bácála a bhfuil gréisc air é.
- Scaip coirce ar an mbarr.
- Gearr leath-bhealaigh tríd an mbuilín le scian ghéar agus arís an treo eile chun cros a dhéanamh. Roinnfidh sé sin an builín ina phíosaí crústúla.
- Cuir san oigheann ar feadh 30 nóiméad. Mura dtaitníonn arán crústúil leat, clúdaigh an builín le scragall stáin don 5 nóiméad deiridh den am. Beidh sé réidh nuair a thiocfaidh fuaim tholl as nuair a thapálann tú é.
- Lig dó fuarú ar raca sreinge ar feadh 10-15 nóim.
Oidis