Skip to main content

Bácáil Práta

Comhábhair

  • 1 clóbh gairleoige, brúite
  • Im
  • 450g/1lb prátaí céiriúla, gearrtha ina slisní nach bhfuil bruite go hiomlán
  • 300ml/1/2 phionta uachtair dúbailte
  • Salann agus piobar dubh úrmheilte
  • Scailliúin
  • Cáis

Modh

  1. Déan an t-oigheann a réamhthéamh go 170°C/325°F/Marc gáis 3.
  2. Cuimil an t-im agus an ghairleog go flaithiúil thimpeall ar an mias gratin.
  3. Leag síos na prátaí sa mhias ina sraitheanna agus cuir beagán salainn agus piobair ar gach sraith.
  4. Doirt anuas an t-uachtar os a gcionn agus bruith san oigheann ar feadh 45 nóiméad.
  5. Socraigh an teas ar 200°C/400°F/Marc gáis 6 agus fág ar feadh 15 nóiméad eile go dtiocfaidh dath órga ar a bharr. Cuir chun boird é.

Oidis