Skip to main content

Cácaí Éisc Téalannacha

Comhábhair

  • 360g iasc, mionghearrtha. (bradán / colmóir / faoitín)
  • 1 taespúnóg amháin piobar sillí dearg
  • Triopall beag lus an choire
  • 30g sinséir úr, mionghearrtha
  • Taespúnóg purée gairleoige
  • 4 spúnóg boird gránphlúir
  • 1 líoma amháin, sú agus forchraiceann
  • 1 Ubh
  • 2 taespúnóg ola phlandúil
  • Salann agus piobar

Modh

  1. Cuir an t-iasc, sillí, lus an choire, sinséar, purée gairleoige agus gránphlúr i mbabhla agus measc le chéile.
  2. Cuir sú agus forchraiceann an líoma agus an ubh isteach leis agus measc le chéile (b’fhéidir go mbeadh ort do lámha a úsáid!). Ba cheart go mbeadh meascán tais go maith agat ar deireadh atá éasca a roinnt le spúnóg.
  3. Cuir ola ar na cácaí le scuaibín agus bácáil san oigheann iad go dtiocfaidh dath órdhonn orthu.
  4. Cuir chun boird na cácaí le núdail agus le hanlann sillí mhilis.

Oidis