Skip to main content

Cipíní Aráin

Comhábhair

  • 450g/1lb plúr láidir aráin (agus gráinne breise)
  • 1 phaicéad x 7g/⅛ unsa giosta triomaithe mearghnímh
  • 1½ sp-bd salainn
  • 250–275ml/9-10fl unsa uisce bog
  • Plandola nó ola sprae
  • 2 sp-bd ola olóige úríon
  • 2 sp-bd salann sáile
  • 2 sp-bd piobar dubh úrmheilte

Modh

  1. Cuir gráinne plúir ar dhá thráidire mhóra bácála.
  2. Cuir an plúr, an giosta agus an salann i mbabhla mór agus cuir dóthain uisce ann go mbeidh sé bog ach nach mbeidh sé ag greamú. Fuin go maith le lámh ar feadh 10 nóiméad nó ar feadh cúig nóiméad le meascthóir leictreach a mbeadh crúca taois air.
  3. Roinn an meascán ina 12 chuid, gach ceann ag meá timpeall is 60g/2½ unsa. Roll amach ina liathróidí, ansin leag gach liathróid ar dhromchla atá faoi phlúr agus roll amach go mbeidh cruth ispín air timpeall is 25cm x 2cm/10in x 1in.
  4. Is maith liomsa casadh a chur i leath acu. Lig scian anuas ina lár chun an taos a scoilteadh. Déan trilseáin den dá chuid.
  5. Leag na cipíní aráin ar na tráidirí bácála agus 4cm/1½ orlach eatarthu. Clúdaigh na cipíní aráin le scannán cumhdaithe a bhfuil ola air agus cinntigh nach bhfuil aer ag dul chucu. Fág in áit bog te ar feadh 30 nóiméad nó go mbeidh na cipíní dhá oiread chomh mór is a bhí.
  6. Téigh an t-oigheann roimh ré go dtí 200C/400F/Marc 6.
  7. Bain an scannán cumhdaithe díobh agus scuab gach cipín aráin le hola olóige úríon. Croith salann sáile ar leath de na cipíní agus piobar dubh úrmheilte ar an leath eile. Bácáil i mbarr an oighinn ar feadh 20 nóiméad nó go mbeidh na cipíní deas donn. Tóg na cipíní aráin amach as an oigheann agus lig dóibh fuarú sna tráidirí bácála.

Oidis