Skip to main content

Cúigdéaga

Comhábhair

  • 15 x briosca caiscíneach
  • 15 x silín
  • 15 x leamhachán
  • Canna bainne comhdhlúite
  • Calóga cnó cócó

Modh

  1. Déan dhá leath de na leamhacháin le siosúir agus cuir i mbabhla mór iad.
  2. Measc na brioscaí caiscíneacha agus na silíní leo.
  3. Measc isteach an bainne comhdhlúite de réir a chéile go dtí go ndéantar taosrán bog tais. Níor chóir dó a bheith tirim – seans go mbeidh beagán eile bainne de dhíth.
  4. Cuir cuid mhaith calóga cnó cócó amach ar phárpháipéar agus leag an taosrán anuas orthu.
  5. Déan ispín tiubh fada den taosrán le do lámha, agus bí cinnte go bhfuil sé clúdaithe go hiomlán le cnó cócó. Clúdaigh le dhá shraith scannán cumhdaithe agus fág sa chuisneoir ar feadh dhá nó trí uair an chloig.
  6. Bain an scannán cumhdaithe ón bpíosa fada taosráin agus gearr ina shlisní é.

Oidis