Guairneáin Phuth Thaosráin
Comhábhair
- 250g puth-thaosrán
- Crúsca pesto
- 10 nduilleog basail stróicthe
- 100g cáis ghrátáilte (meascán idir cáis séadair agus mozzarella)
- Trátaí griantriomaithe mionghearrtha
Modh
- Roll amach an taosrán go mbeidh sé 5mm ar tiús.
- Scar an pesto breá tiubh ar an taosrán.
- Clúdaigh an pesto le cáis.
- Cuir na trátaí griantriomaithe mionghearrtha leis!
- Déan é a rolladh mar a bheadh roll Eilbhéiseach ann.
- Gearr an rolla ina shliosanna (timpeall 5cm ar tiús )
- Leag na sliosanna ar thráidire bácála agus bruith san oigheann nó go mbeidh siad deas donn (timpeall is 20 nóiméad)
Oidis