Skip to main content

Líreacáin Cháis Parma & Maróis

Comhábhair

  • 2 chupán almóinní meilte.
  • 2 sp/bd de mharós triomaithe.
  • 2 sp/bd cáis parmesan grátáilte.
  • 1 sp/bd seasamain.
  • ½ sp/t gráinnín oinniúin.
  • 1 ubh bhuailte.
  • 2-3 sp/bd ola olóige úríon./li>

Modh

  1. Téigh an t-oigheann roimh ré ag 180oC.
  2. Tomhais agus cur le chéile an comhábhar tirim ar fad.
  3. Measc go maith.
  4. Cuir an ola olóige leis agus measc.
  5. Buail an ubh.
  6. Cuir leis an meascán nó go mbeidh ina liathróid.
  7. Tóg sláimín den mheascán agus déan liathróidí de.
  8. Sáigh cipín líreacáin sa mheascán.
  9. Idir dhá bhileog de pháipéar gréiscdhíonach, brúigh anuas ar an liathróid go mbeidh sé ina líreacán tanaí caol.
  10. Leag ar bhileog bácála ar feadh 20-30 nóiméad go dtí go mbeidh siad deas donn.
  11. Lig dóibh fuarú ar raca sreinge agus cur chun boird.

Oidis