Skip to main content

Líreacáin

Comhábhair

  • 1 glac bananaí
  • 150 g caora measctha reoite
  • 200 ml sú úll orgánach
  • Mil (roghnach)
  • 100g seacláid mhaith bhán, briste, (roghnach)

Modh

  1. Cuir na bananaí, na caora agus an sú úll sa leachtaitheoir. Measc nó go mbeidh na caora agus na bananaí mín. Blais de go bhfeicfidh tú an bhfuil sé sách milis – má tá na bananaí aibí ba cheart go mbeadh an meascán sách milis, mura bhfuil, cuir mil leis. Roinn an meascán idir 6 mhúnla líreacáin agus reo ar feadh 2 uair ar a laghad.
  2. Chun seacláid a chur ar na líreacáin, cuir an tseacláid i mbabhla os cionn pota uisce te. Déan cinnte nach mbeidh an t-uisce ag fiuchadh agus nach bhfuil íochtar an bhabhla sa uisce nó dófaidh an tseacláid. Measc nó go mbeidh sé deas mín agus tóg den teas agus fág 5 nóiméad é.
  3. Croith na cipíní líreacáin nó go scaoilfidh na líreacáin agus go mbeidh sé éasca iad a thógáil amach. Tum iad ceann i ndiaidh ceann sa tseacláid agus fág go gcruafaidh siad sula gcuirtear chun boird.
  4. Tum a mbarr i mbabhla de chnónna meilte.

Oidis