Skip to main content

Rollóga Samhraidh

Comhábhair

  • 2 oz maidí ríse nó rís vermicelli
  • 6 x leathán cumhdaigh páipéir ríse
  • Babhla mór uisce chun na leatháin páipéir ríse a fhliuchadh
  • 6 x craobhóg lus an choire
  • 6 x craobhóg mhiontais
  • 6 x duilleog leitíse, leis an bhféith/lorga bainte díobh
  • 1 x mangó beag, aibí amháin, craiceann bainte de agus é gearrtha ina stráicí
  • 1 x cairéad, craiceann bainte de é gearrtha i gcruth cipíní beaga bídeacha

Anlann Dipeála Sillí Milis

  • 4 x Spúnóg bhoird d’anlann soighe éadrom
  • 4 x Spúnóg bhoird d’fhínéagar ríse
  • 2 x Spúnóg boird siúcra
  • 2 x Spúnóg boird uisce te
  • 1x clóbh gairleoige, craiceann bainte de agus brúite
  • Calóga piobair dheirg nó sillí úr, ag brath ar do rogha féin

Modh

  1. Tum na leatháin páipéar ríse síos in uisce, déan cinnte go bhfuil an dá thaobh fliuch. Croith díobh an t-uisce breise.
  2. Leag anuas ar dhromchla oibre glan na leatháin. Leag craobhóg mhiontais agus craobhóg lus an choire anuas i lár an leatháin pháipéir ríse. Ansin cuir duilleog leitíse, beagán núdal ríse, cipíní cairéid agus slisní mangó leis an méid sin.
  3. Fill an chuid thosaigh os cionn an líonta. Fill isteach na taobhanna. Déan an chuid eile a rolladh.
  4. Cuir chun boird láithreach iad le hanlann dipeála veigeatóra Vítneamach (oideas tugtha thíos). Chun stóráil, leag na rollóga ar phláta agus leag tuáille páipéir tais anuas orthu. Clúdaigh an pláta ar fad le scragall nó le scannán cumhdaithe agus leag isteach sa chuisneoir an pláta.
  5. Measc na hábhair lena chéile go maith go leáfaidh an siúcra.

Oidis