Skip to main content

Samósaí

Comhábhair

  • Curaí atá fágtha d’fhuílleach
  • 425g de leatháin taosráin reoite filo
  • 4 spúnóg bhoird de phlúr bán le haghaidh dustáil

Dip Lógairt

  • 250g iógairt
  • ½ cúcamair, gan na síolta agus é grátáilte
  • 1 dornán de mhiontas mionghearrtha

Modh

  1. Déan an t-oigheann a réamhthéamh go dtí 180oC (marc gáis 4).
  2. Curaí atá fágtha d’fhuílleach (tá oideas do ‘Churaí Sicín Blasta’ thíos má tá fonn ar an lucht féachana bualadh faoi!).
  3. Gearr gach leathán taosráin ina 3 dhronuilleog atá ar cóimhéid lena chéile, agus gearr gach dronuilleog ina dhá leath. (Beidh 18 de phíosaí san iomlán agat). Déan dromchla réidh, glan a dhustáil go héadrom le plúr, agus déan gach píosa taosráin a rolladh go dtí go mbeidh sé a dhá mhéid. Dustáil an taosrán le plúr de réir mar is gá, ionas nach ngreamóidh an taosrán don gcrann fuinte.
  4. Le spúnóg, roinn an líonadh go cothrom isteach i lár gach ceann de na cearnóga taosráin. Fill an taosrán ina dhá leath agus brú ar a chéile an taosrán thimpeall ar a chorr. Leag an taosrán anuas ar thráidirí bácála neamhghreamaitheacha.
  5. Bácáil san oigheann ar feadh 25 nóiméad, go dtiocfaidh dath órdhonn ar na taosráin.

Oidis