
Rátáil Tuismitheora: G
Ba bhreá le Finny a bheith ina Sár-Siorc nuair a bheidh sí mór! Ach ceapann Deaide Siorc go bhfuil roinnt poist eile ar cheart di a fheiceáil agus tugann sé Finny ag obair leis don lá.
Chéad Taispeántas: 13 Lun
Rogha Fotheidil
Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).
Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.
Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.
Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.
Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.
Bí i dteannta Finny, an siorc óg, agus é ag iarraidh dul i ngleic le heachtraí nua. Más ag dul chuig an bhfiaclóir é nó ag dul chuig an scoil den chéad uair é, faigheann Finny an ceann is fearr i gcónaí ar an bhfaitíos atá air.
Tabharfaidh a Mhama, a Dheaide agus a pheata Sparky cúnamh dó misneach a bheith aige i gcónaí.
Bí ag gabháil fhoinn in éineacht le Finny agus a chuid cairde, téigh i ngleic leis na constaicí a bhíonn le sárú acu gach lá faoin bhfarraige agus is gearr go dtuigfidh tú an tábhacht atá le do mhuintir agus le cairdeas.