Lá Le Mamó nó Daideo (1-11) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content
 

Lá Le Mamó nó Daideó

Dé Máirt & Déardaoin @ 15:00

Lá Le Mamó nó Daideó

Dé Máirt & Déardaoin @ 15:00

Lá Le Mamó nó Daideó

Dé Máirt & Déardaoin @ 15:00


Lá Le Mamó nó Daideo 1-11

Rátáil Tuismitheora: G

Tá Martha leis an lá a chaitheamh in éineacht lena Mamó Maggie. Rachaidh siad chuig an ngruagaire ar dtús mar go bhfuil coinne ag Mamó. Tabharfaidh Martha cúnamh do Bridie an gruagaire gruaig Mhamó a ní agus a thriomú. Ansin rachaidh siad ar ais tigh Mhamó agus taispeánfaidh Mamó do Martha conas trilseán a chur i ngruaig a bábóige agus cuirfidh sí ceann i ngruaig Martha ansin.

Chéad Taispeántas: 5 Nol

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Seo sraith ina bhfeiceann muid duine óg ag caitheamh an lae in éineacht lena Mamó/Daideo agus iad ag foghlaim rud éigin nua uathu nó ag tabhairt faoi ghníomhaíocht éigin le chéile a thaithníonn leo. Tá gach clár go hiomlán éagsúil óna chéile mar leanann muid páistí, idir 5 go 8 mbliana d’aois as ceantair mórthimpeall na tíre, ó Oileáin Árann go dtí An Rinn go Ráth Chairn agus iad ag foghlaim scil difriúil nó iad i mbun gníomhaíocht difriúil i ngach clár. Beidh na daoine óga seo ag foghlaim óna seanmhuintir agus ag iad ag fiosrú leo le linn na sraithe.


Féach