
Rátáil Tuismitheora: G
Samhlaíonn Ruarc a shaol ina mhaoirseoir fiadhúlra nuair a bheidh sé mór le cúnamh ó Shióg na bPost. Déanann sé cleachtadh ar na scileanna a theastóidh uaidh chun bheith ina mhaoirseoir fiadhúlra.
Chéad Taispeántas: 20 Mar
Rogha Fotheidil
Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).
Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.
Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.
Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.
Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.
Leanann an tsraith seo daoine óga agus iad ag smaoineamh ar an bpost ar mhaith leo a bheith acu nuair a bheidh siad mór.
Tugann Sióg na bPost cuairt ar dhaoine óga agus tugann deis dóibh taithí a fháil ar phoist éagsúla.
Cloisfear scéalta ó shaineolaithe atá ag obair sna hearnálacha sin agus tabharfar blaiseadh den chineál oibre a dhéanann siad ó lá go lá don duine óg.
Is sraith í seo a spreagann samhlaíocht sa duine óg agus a chuireann ina luí orthu aisling a bheith acu.
Tugtar eolas don lucht féachana ar réimse post, gach rud ó dhearthóir faisin go fiaclóir go hinnealtóir.