Bonjour! Is mise Cicí. Is réalt mór mé. Tá guth álainn agam agus gúnaí áille agam chomh maith. Tá mo bhanna ceoil féin agam. “Na Feithidí” le mo chairde Rocco agus Dris. Oh la la! Is breá liom Ribín! Tá sí chomh spóirtiúil! Agus Glibín ar ndóigh…cé go bhfuil sé an-dáiríre! Ar luaigh mé gur réalt mór mé?